Tuarascáil Bhliantúil BERS, 2025
Réamhrá

Tá áthas orm an 15ú Tuarascáil Bhliantúil ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), a chlúdaíonn an tréimhse ó 1 Aibreán 2025 go dtí an 31 Márta 2026, a chur i láthair. Tá oibleagáid reachtúil ar BERS an tuarascáil seo a chur ar fáil ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht. Léirítear sa tuarascáil an chaoi ar chomhlíon BERS a shainordú, is é sin rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas Eorpach a shainaithint agus a mhaolú agus tuairisciú ar a chuid gníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don phobal i gcoitinne.
Bhí an timpeallacht dhomhanda thar a bheith éiginnte le linn na tréimhse athbhreithnithe. Bhí na dálaí macra-airgeadais san Aontas Eorpach (AE) faoi réir teannas geopholaitiúil, easaontais trádála athnuaite agus éiginnteacht mhéadaithe maidir le bearta beartais. Mar sin féin, bhí athléimneacht le sonrú ar gheilleagar na hEorpa agus ar a chóras airgeadais i bhfianaise na ndúshlán sin. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí an athléimneacht sin a chaomhnú, ós rud é go bhfuil rioscaí arda don chobhsaíocht airgeadais fós ann. Dhírigh BERS ar dhá ní ríthábhachtacha a d’fhéadfadh dúshlán na hathléimneachta sin a thabhairt ar bhealach suntasach, is iad sin an riosca maicreacnamaíoch agus an riosca margaidh.
Ba gharsprioc thábhachtach le linn na tréimhse athbhreithnithe é an obair leantach ar an tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le hAthbhreithniú BERS. I mí an Mheithimh 2025, chinn Bord Ginearálta BERS bogadh i dtreo measúnú níos iomlánaíche ar rioscaí agus ar leochaileachtaí agus cur chuige uile-chórais i leith an bheartais macrastuamachta a chur chun cinn. Chiallaigh sé sin go ndíreofaí ar na heintitis iad féin agus ar aon ghníomhaíocht atá ríthábhachtach don chobhsaíocht airgeadais. Áirítear leis an athrú ar an gcur chuige cumas uile-chórais tástála struis ón mbarr anuas a fhorbairt agus an anailís ar an seasamh macrastuamachta a shníomh isteach i measúnuithe rialta BERS.
D’fhoilsigh BERS tuarascáil maidir le criptea-shócmhainní agus airgeadas díláraithe agus a n-impleachtaí don chobhsaíocht airgeadais. Lena chois sin ghlac sé Moladh maidir le scéimeanna cripteamhonaí cobhsaí ileisitheoirí tríú tír. Tá leochaileachtaí bunúsacha sna cineálacha scéimeanna sin agus cruthaíonn siad rioscaí soiléire cobhsaíochta airgeadais don Aontas. Ní foláir, dá bhrí sin, do na húdaráis ábhartha uile, amhail an Coimisiún Eorpach, na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, gníomhú i ndáil leis an Moladh nua seo ó BERS.
Glacann BERS cur chuige trasearnála agus uile-Aontais maidir lena anailísí ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, mar a léirítear i roinnt tuarascálacha eile ó BERS a foilsíodh le linn na tréimhse athbhreithnithe. Le Monatóir Rioscaí Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc an Aontais, 2025, soláthraítear measúnú cuimsitheach uile-chórais ar leochaileachtaí san earnáil cistí infheistíochta; sonraítear ann giaráil ardaithe, riosca leanúnach leachtachta agus idirnascthacht atá ag dul i méid. In dhá thuarascáil ó BERS a ullmhaíodh i gcomhpháirt le BCE – maidir le rioscaí don chobhsaíocht airgeadais ag eascairt as naisc idir bainc agus idirghabháil airgeadais neamhbhainc, agus maidir le rioscaí de bharr ilroinnt gheo-eacnamaíoch – scrúdaítear an chaoi ar féidir le suaití leathadh amach thar earnálacha agus thar theorainneacha, agus an chaoi ar féidir le forbairtí geopholaitiúla, le héiginnteacht beartais agus le hilroinnt cur leis an riosca sistéamach. Thairis sin, i dtuarascáil an Choiste Chomhairligh Eolaíoch maidir leis an intleacht shaorga agus an riosca sistéamach, tugtar léargas réamhbhreathnaitheach ar an gcaoi a bhféadfadh athruithe teicneolaíochta cur leis na leochaileachtaí atá ann cheana nó foinsí nua riosca shistéamaigh a chruthú.
Braitheann obair BERS ar dhúthracht agus ar shaineolas a lán daoine aonair ina bhallinstitiúidí éagsúla, ina chomhlachtaí comhairleacha agus i Rúnaíocht BERS. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don iliomad rannpháirtithe i measc phobal BERS trí chéile. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Pablo Hernández de Cos agus é ag fágáil a róil mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Teicniúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Mário Centeno, Gobharnóir Banco de Portugal, agus le José Manuel Campa, Cathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, as ucht a gcuid oibre ar son an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha. Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Klaas Knot, Uachtarán De Nederlandsche Bank, as a thacaíocht agus a dhúthracht luachmhar mar chomhalta den Bhord Ginearálta.
Christine Lagarde
Cathaoirleach an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach
Achoimre fheidhmeach
Cuireadh tús leis an tréimhse athbhreithnithe a ghabhann leis an Tuarascáil Bhliantúil seo an 1 Aibreán 2025 agus tháinig deireadh léi an 31 Márta 2026.
Le linn na tréimhse sin, thug an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) faoina ghníomhaíochtaí rialta chun na leochaileachtaí agus na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint agus a mheasúnú.
D’fhan na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais san Aontas ard i rith 2025 agus sa chéad chuid de 2026, ach bhí an córas airgeadais ina iomláine athléimneach. Le linn na tréimhse athbhreithnithe bhí timpeallacht na cobhsaíochta airgeadais san Aontas faoi réir timpeallacht sheachtrach an-éiginnte, agus bhí aimhréireachtaí trádála agus teannas geopholaitiúil ag cur isteach ar na margaí airgeadais agus ar an ngeilleagar. Cé gur chuidigh réiteach roinnt díospóidí trádála agus tabhairt i gcrích comhaontuithe trádála nua leis an éiginnteacht beartais a mhaolú sa dara leath de 2025, chuir teannas geopholaitiúil athnuaite sa Mheánoirthear go luath in 2026 leis na rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. D’ainneoin dúshláin dhomhanda, bhí na dálaí airgeadais agus eacnamaíocha san Aontas sách láidir ar an iomlán. Thacaigh sé sin le cláir chomhardaithe na dteaghlach agus na gcorparáidí ar an leibhéal comhiomlán agus dá thoradh sin ní raibh ach caillteanais chreidmheasa theoranta le seasamh ag córas baincéireachta atá dea-chaipitlithe agus brabúsach. Bhí institiúidí airgeadais neamhbhainc in ann luaineacht sa mhargadh a sheasamh, agus bhí na príomhbhonneagair airgeadais in ann feidhmiú go rianúil, fiú i bhfianaise cibear-rioscaí agus rioscaí geopholaitiúla méadaithe. Mar sin féin, cé gur léiriú grinn é athléimneacht sin an chórais airgeadais ar na tairbhí a bhaineann le creataí rialála iar-ghéarchéime neartaithe, tá sé ríthábhachtach i gcónaí dlúthfhaireachán a dhéanamh ar neamhchosaintí comhchruinnithe (e.g. ar earnálacha sonracha, ar aicmí sócmhainní agus ar mhargaí cistiúcháin), ar rioscaí margaidh agus leachtachta, agus ar an bhféidearthacht go dtiocfadh athruithe tobanna ar an bhfonn riosca.
Ag féachaint chun cinn, tá roinnt cásanna hipitéiseacha díobhálacha ann a d’fhéadfadh dúshlán na cobhsaíochta airgeadais a thabhairt trí na leochaileachtaí atá ann cheana a mhéadú. D’fhéadfadh coinbhleachtaí atá ag dul in olcas sa Mheánoirthear nó meon riosca domhanda atá ag dul in olcas a bheith ina gcúis le ceartúcháin mhargaidh ghéara agus mhí-ordúla, a d’fhéadfaí a sheoladh chuig an bhfíorgheilleagar trí bhíthin muinín níos laige agus costais mhaoiniúcháin níos airde. Leis an mbrú a eascraíonn as praghsanna tráchtearraí níos airde agus as ilroinnt an tslabhra soláthair a tháinig chun cinn i dtreo dheireadh na tréimhse athbhreithnithe, léiríodh go grinn arís eile íogaireacht an chórais airgeadais i leith suaití domhanda agus an riosca go ndéanfaí athphraghsáil thobann ar mhargaí airgeadais agus ar ionchais maidir le boilsciú. D’fhéadfadh srianta cistiúcháin agus leachtachta níos déine a bheith ar institiúidí airgeadais, mar gheall, i bpáirt, ar athphraghsáil fhéideartha bhreise ar rátaí úis, in éineacht le seach-iarmhairtí thar theorainneacha agus thar earnálacha. Ag an am céanna, de bharr ionchais fáis mheántéarmacha laghdaithe, fiachas poiblí ardaithe i roinnt Ballstát den Aontas agus caiteachas méadaitheach a bhaineann leis an tslándáil tá an spás fioscach á theorannú agus táthar ag cur le hábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht fiachais. Ina theannta sin, d’fhéadfadh cibear-rioscaí cur isteach go hábhartha ar an mbonneagar criticiúil airgeadais agus ar an leanúnachas oibríochtúil. Tá dlúthbhaint ag na rioscaí don ionchas macra-airgeadais le leochaileachtaí san earnáil airgeadais; d’fhéadfaidís sin a bheith ag treisiú a chéile agus ag méadú an riosca shistéamaigh trí chéile.
In 2025, lean BERS d’fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí ón earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc (NBFI). Le Monatóir Rioscaí NBFI an Aontais, 2025, cuireadh i dtábhacht leochaileachtaí timthriallacha agus struchtúracha atá ag dul i méid, riosca leachtachta sistéamach leanúnach, giaráil ardaithe agus idirnascthacht i gcodanna den earnáil NBFI, méadú ar an gcomhchruinniú neamhchosaintí agus naisc thrasteorann.[1] Sainaithníodh iad sin trí mhionanailísí ar na hidirthuilleamaíochtaí idir margaí airgeadais príobháideacha agus an earnáil baincéireachta, giaráil cistí fálaithe, cistí infheistíochta réadmhaoine agus institiúidí airgeadais faoi chuing, agus trí obair thráthúil ar eachtraí struis sa mhargadh le déanaí, ar athchóirithe ar chórais pinsean agus ar urrúsú sintéiseach.
An bhliain chéanna, rinne BERS tuilleadh forbartha ar a shraith straitéisí tástála struis uile-chórais. Chuir sé cásanna hipitéiseacha díobhálacha ar fáil don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) le haghaidh tástálacha struis earnála, eadhon na treoirlínte tástála struis maidir le ciste margaidh airgid, 2025 agus an tástáil struis contrapháirtí lárnaigh, 2026. Leis na cásanna hipitéiseacha díobhálacha sin, faightear léargas grinn ar earr-rioscaí a eascraíonn as teannas geopholaitiúil méadaithe, as suaití praghsanna tráchtearraí agus suaití boilscithe, as ceartúcháin thobanna ar phraghsanna sócmhainní agus as struis leachtachta ghaolmhara. Lena chois sin, chinn BERS freisin uirlis tástála struis ón mbarr anuas a fhorbairt do chóras airgeadais an Aontais, ag leathnú ar shamhail Anailísíochta Tástála Struis Idirnasctha Uile-Chórais (ISA) BCE. Úsáidfear an uirlis sin chun measúnú a dhéanamh ar shásraí aimpliúcháin, laistigh d’earnálacha agus i measc earnálacha éagsúla araon i gcásanna hipitéiseacha coiteanna, agus chun tacú le measúnuithe riosca uile-chórais níos minice agus níos solúbtha.
Lean BERS ag obair freisin ar roinnt topaicí beartais trasearnála agus trasteorann tábhachtacha. I mí an Mheithimh 2025, leag an Bord Ginearálta béim ar a thábhachtaí atá peirspictíocht uile-chórais i dtaca le comhlíonadh shainordú BERS formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar chóras airgeadais an Aontais, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a chosc nó a mhaolú.[2],[3]
Ceann de chuspóirí BERS is ea a chion féin a dhéanamh i dtaobh aghaidh a thabhairt ar charnadh leochaileachtaí agus rioscaí lena ndéantar difear don chóras airgeadais Eorpach ina iomláine. Chuige sin, lean BERS de bheith rannpháirteach go gníomhach in dhá ghrúpa uile-Eorpacha a cuireadh ar bun chun dul i ngleic le leochaileachtaí cibearghaolmhara lena bhféadfaí dochar a dhéanamh don chóras airgeadais. Rinne sé a shamhail ‘fás atá faoi riosca’ – ar cuid í dá shraith straitéisí chun meastóireacht a dhéanamh ar sheasamh macrastuamachta a chuid ball – a fheabhsú agus a bheachtú freisin.
I gcomhréir leis an gcur chuige gníomhaíochtbhunaithe atá aige i leith a chuid oibre, bhí baint ag BERS freisin le topaicí éagsúla le linn na tréimhse athbhreithnithe a bhí dírithe ar an gcreat rialála a neartú, agus dearcadh uile-chórais nó dearcadh earnáilsonrach á ghlacadh aige de réir mar ab iomchuí. Maidir le topaic an urrúsaithe agus topaic na gcriptea-shócmhainní, leag BERS béim ar na hábhair imní atá aige i dtaobh an togra ón gCoimisiún Eorpach cead a thabhairt do chuideachtaí (ath)árachais ráthaíochtaí neamhchistithe a sholáthar faoin gcreat le haghaidh urrúsú sintéiseach simplí trédhearcach caighdeánaithe. D’eisigh sé moladh freisin maidir le scéimeanna cripteamhonaí cobhsaí il-eisitheoirí tríú tír, inar iarradh ar an gCoimisiún gan a mheas go bhfuil na scéimeanna incheadaithe faoi chreat reatha MiCAR[4], sin nó coimircí iomchuí a fhorbairt chun na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as scéimeanna den sórt sin a mhaolú. Maidir le topaic an imréitigh lárnaigh, thug BERS aiseolas i leith dhá chomhairliúchán de chuid ESMA. Sa chéad cheann díobh sin, maidir le tairseacha imréitigh, thacaigh sé le cur chuige ginearálta ESMA maidir leis na tairseacha imréitigh a athchalabrú agus ba dhíol sásaimh dó an cur chuige struchtúrtha sonraíbhunaithe ar a raibh an comhairliúchán bunaithe. Sa dara comhairliúchán, maidir le ceanglais trédhearcachta corrlaigh, thacaigh sé le trédhearcacht a fheabhsú ar fud an tslabhra imréitigh ar fad. Ina theannta sin, chuir BERS comhairle ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde maidir le treoirlínte i ndáil le cumhachtaí maoirseachta chun leochaileachtaí leachtachta a leigheas. Ar deireadh, rinne sé anailís ar an bhféidearthacht bearta iasachtaí-bhunaithe a shocrú don mhargadh réadmhaoine tráchtála trí bhíthin trí ionstraim fhéideartha, eadhon (i) beart maidir le síneadh ioncaim ar leibhéal an ghnólachta a mbeadh sé mar aidhm leis léargas grinn a fháil ar chumas an iasachtaí fiachas a sheirbhísiú, (ii) beart maidir le síneadh maoiniúcháin ar leibhéal an ghnólachta lena bhféadfaí srian a chur le giaráil iomarcach, agus (iii) beart maidir le síneadh comhthaobhachta a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm teorainneacha iasachta/luacha (LTV).[5]
Lean BERS dá ról maoirseachta maidir le measúnú a dhéanamh ar bhearta macrastuamachta a dhéanann na húdaráis náisiúnta, agus i gcásanna áirithe thug sé a thuairim maidir lena n-úsáid agus/nó maidir lena gcómhalartacht. In earnáil na baincéireachta, ar an meán, bhí seasamh macrastuamachta níos doichte i roinnt tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch mar thoradh ar bhearta chaipitealbhunaithe, arna spreagadh go háirithe ag méaduithe ar na rátaí caipitil mhaolánaigh fhritimthriallaigh. Maidir le bearta eile, tá an pictiúr níos caolchúisí – tá roinnt tíortha tar éis a seasamh a scaoileadh agus tá tíortha eile tar éis a seasamh a dhéanamh níos doichte. Cuireadh roinnt bearta iasachtaí-bhunaithe i bhfeidhm freisin, cé nach raibh aon treo ar leith ann maidir leis an seasamh beartais macrastuamachta a dhéanamh níos doichte nó níos scaoilte. Ag féachaint ar cheanglais chaipitil mhaolánaigh ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, tá laghdú foriomlán tagtha ar mhaoláin um riosca sistéamach ó bhí paindéim COVID-19, ach fritháiríodh é sin den chuid is mó trí mhaoláin chaipitil fhritimthriallacha de mhéid chomhchosúil a fhorbairt ar bhonn comhiomlán.
Chomhlíon BERS a chuid oibleagáidí cuntasachta agus tuairiscithe do Pharlaimint na hEorpa agus don phobal. D’fhreastail Cathaoirleach BERS ar éisteacht phoiblí os comhair Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) an 3 Nollaig 2025 agus ghlac sí páirt in dhá chruinniú rúnda freisin le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh ECON chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a phlé. Ina theannta sin, labhair Ceann agus Leas-Cheann Rúnaíocht BERS le Parlaimint na hEorpa ag trí éisteacht phoiblí théamacha le linn na tréimhse athbhreithnithe. Maidir lena chuntasacht don phobal, d’fhoilsigh BERS a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024 i mí Iúil 2025.
Inphrionta
© An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, 2026
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh gréasáin www.esrb.europa.eu
Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna neamhthráchtála ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach gluais BERS (le fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-9472-451-9, ISSN 2600-528X, doi:10.2849/3092373, DT-01-26-008-GA-Q
Féach BERS, “EU Non-bank Financial Intermediation Risk Monitor 2025”, Uimh. 10, BERS, Meán Fómhair 2025.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an bpeirspictíocht uile-chórais, féach Bosca 10.
Chun faisnéis a fháil i dtaobh shainordú BERS, féach Rialachán 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach BERS, “Addressing commercial real estate lending risks with borrower-based measures”, Occasional Paper Series, Uimh. 29, BERS, Feabhra 2026.